Notifications
You must be signed in to change notification settings - Fork 7

cuidiu.html
77 lines (68 loc) · 2.75 KB

cuidiu.html
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52
53
54
55
56
57
58
59
60
61
62
63
64
65
66
67
68
69
70
71
72
73
74
75
76
77

Rannpháirtíocht

Tá na mílte duine ag baint úsáide as GaelSpell ar bhonn rialta,
na breiseáin Firefox nó LibreOffice, nó an leagan do
Microsoft Word a chuireann
Cruinneog ar fáil.
Faraor, is fíorannamh a mholann aon duine focail nua le cur
leis an mbunachar sonraí; ba bhreá liom níos mó daoine a
mhealladh chun páirt a ghlacadh sa tionscadal sa chaoi seo.

Tá ár suíomh forbartha ar
GitHub.
Ar an leathanach sin, gheobhaidh tú an cód agus na sonraí go léir
(chomh fada siar le 2001) agus an córas a úsáidimid chun
fabhtanna a cheartú agus feabhsúcháin a chur i bhfeidhm.
Mura dtaitníonn GitHub leat, tá fáilte romhat ceisteanna nó
moltaí a sheoladh go díreach chugam trí rphost (kscanne ag gmail ponc com).

Leis na breiseáin Firefox agus LibreOffice, is féidir leat
focail nua a chur le “foclóir pearsanta” mura nglacann GaelSpell le
focal a bhfuil tú sásta leis. Tarlaíonn sé seo go minic le
hainmneacha dílse, mar shampla, agus uaireanta le leaganacha
canúna. Dá bharr seo, tá sé an-éasca focail nua a mholadh
trí ábhar d'fhoclóra phearsanta a sheoladh chugainn.
Tá an foclóir pearsanta stóráilte in áit a bhraitheann ar an
bhfeidhmchlár a bhfuil tú ag úsáid GaelSpell leis, agus ar do chóras
oibriúchán. Mar shampla, ar Mac OS X, gheobhaidh tú an
foclóir pearsanta do Firefox anseo:

~/Library/Application Support/Firefox/Profiles/{profilename}/persdict.dat

Tá tuilleadh eolais ar fáil ó
mozillaZine.

I gcás LibreOffice (leagan 4 nó níos déanaí) ar Mac OS X, gheobhaidh tú
an foclóir pearsanta anseo:

~/Library/Application Support/LibreOffice/4/user/wordbook/standard.dic

Arís, braitheann suíomh na próifíle úsáideora ar do chóras oibriúcháin;
tuilleadh eolais ar
an leathanach seo.

Tá go leor ainmneacha pearsanta agus logainmneacha sa mbunachar sonraí
cheana féin, ach níor chuir mé na focail sin le GaelSpell
ar bhealach córasach, agus dá bharr sin is dócha go bhfuil
go leor bearnaí fós ann.
Má tá spéis agat i logainmneacha nó i sloinnte Gaelacha
agus más mian leat páirt a ghlacadh, ná bíodh drogall ort
ríomhphost a sheoladh chugam: kscanne ag gmail ponc com.

Rannpháirtithe

Caoimhín Ó Donnaíle

Alan Horkan

Diarmaid Mac Mathúna

Alastair McKinstry

Mícheál Ó Meachair

Vincent Morley